Course Description

MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach



MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach is a course run by Dublin City University (DCU), Dublin. For more information about MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach at Dublin City University (DCU), please review the details below.

Réamhrá

Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Cuirtear an clár seo ar fáil de réir éilimh agus trí mheán na Gaeilge.

The MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach is designed to produce the kind of digital business technologists, managers, educators, entrepreneurs and innovators in great demand in today’s information economy.

This programme is run subject to demand and is delivered through the medium of Irish.

Clár an chúrsa:

Thar tréimhse dhá bhliain, tugann mic léinn pháirtaimseartha faoi mhodúil i réimse topaicí a bhaineann leis an ngnó digiteach, bainistíocht agus ceannaireacht, agus cúrsaí straitéise agus margaíochta, chomh maith le tionscadal nó tráchtas sa taighde feidhmeach. Dearadh gach ceann de na modúil ar mhaithe le freastal ar threochtaí atá ag teacht chun cinn i saol na hoibre sa lá atá inniu ann.

Sna gnéithe den chúrsa a bhaineann leis an ngnó digiteach, líonraí agus na meáin, foghlaimeoidh mic léinn eolas agus scileanna teicniúla a chuirfidh ar a gcumas ábhar a chruthú agus cumarsáid a dhéanamh ar ardáin dhigiteacha, idir na cinn atá coitianta agus cinn atá ag teacht chun cinn.  Forbróidh mic léinn tuiscint phraiticiúil ar an dea-chleachtas i ndearadh gréasáin, inúsáidteacht suíomhanna gréasáin, eispéireas an úsáideora agus feachtais agus tionscadail ríomhthráchtála.

Trí na modúil taighde agus bhainistíochta, díreofar ar na tuiscintí a theastaíonn i ngairmeacha bainistíochta agus ceannaireachta. Forbróidh mic léinn scileanna boga agus tras-scileanna, chomh maith le tuiscintí ar an tionchar a imríonn bunachair sonraí, an t-uathoibriú agus an mheaisínfhoghlaim ar chleachtais thraidisiúnta bhainistíochta.

Ar deireadh, beidh deis ag mic léinn tarraingt ar an taithí ghairmiúil, acadúil nó phearsanta atá acu féin, agus tabhairt faoi thionscadal taighde agus tráchtas a bhaineann lena sainréimsí spéise féin. Déanfar an obair seo faoi stiúir ball den fhoireann acadúil a bhfuil ardchailíochtaí agus taithí aige/aici.

Tabharfaidh na tascanna eile a dhéanfar i rith na bliana deis do mhic léinn a gcuid taighde, machnaimh agus saineolais a chur i bhfeidhm agus iad ag obair ar thionscadail shuimiúla a bhaineann lena gcúlraí agus réimsí spéise féin. Físeán faoin Ghaeilge

Seo liosta na modúl a ndéantar staidéar orthu:

  • Modhanna Taighde
  • Ceannaireacht
  • Bainistíocht Acmhainní Daonna
  • Bunachar Sonraí & Bainistiú Acmhainní Digiteacha
  • Líonraí agus Forbairt Gnó
  • Bainistíocht Straitéiseach
  • Bainistíocht Tionscadal
  • Airgeadas agus Scairbhileoga
  • Margaíocht
  • Ríomhthráchtáil & Feidhmiúcháin Idirlín
  • Na hIlmheáin

Ar deireadh, déantar tráchtas a bhaineann le do réimse spéise féin.

Programme

Over two years, part-time students undertake modules in a range of topics related to digital business, management and leadership, strategy and marketing, in addition to an applied research project or dissertation. All modules have been carefully designed to cater for emerging trends in the workplace.

The digital business, media and networks elements of the course provide students with technical knowledge and skills to author and communicate using common and emerging digital platforms. Students will develop a practical understanding for best practice in web design, web usability, user experience and e-commerce campaigns and projects.

Building on this, the management and research modules equip students with the knowledge for successful management and leadership careers. Students will develop soft and transversal skills, while appreciating how databases, automation and machine learning impact traditional management practice.

Finally, students will be able to focus on a specific area of research for their thesis, drawing on professional, academic or personal experience. Each student is assigned a highly qualified and experienced member of the academic faculty to supervise them through this process.

All assignments have been developed so as to allow for students to put research, reflection and expertise to work on interesting projects related to their own backgrounds and areas of interest.

List of modules of studied:

  • Research Methods
  • Leadership
  • Human Resources Management
  • Databases & Managing Digital Resources
  • Networks & Business Development
  • Strategic Management
  • Project Management
  • Finance & Spreadsheets
  • Marketing
  • Ecommerce & Internet Applications
  • Multimedia

Finally, Students complete a thesis on a topic of their chosen specialty

Video about Gaeilge

Cúis bhróid do DCU go ndearbhaíonn fostóirí, arís agus arís eile, gurb iad céimithe DCU an rogha is ansa leo agus iad ar thóir lucht gaisce an lae amárach. Institiúid mhór taighde is ea DCU, a bhfuil aitheantas aici ar fud an domhain ar shaothar a príomhthaighdeoirí agus a cuid meithleacha. Tá maoiniú caipitil substaintiúil bronnta ag an stát agus ag infheisteoirí príobháideacha ar cheithre cinn dá lárionaid agus institiúidí taighde. Tugann gach ceann de scoileanna acadúla DCU faoi thaighde ag an leibhéal is airde agus is nuálaí. Tá an ollscoil seo meáite chomh maith ar fhorbairt níos mó a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí tráchtála, le béim níos mó ar aistriú teicneolaíochta agus ar bhunú comhlachtaí campais, a bhaineann sochar as fionnachtana agus scileanna phobal an champais. Tá an tráchtálú seo bunaithe i gcomhthéacs clár gníomhach don fhorbairt shóisialta, ina bhfuil páirt ghníomhach ag DCU san athnuachan shóisalta agus i gcothú luachanna eiticiúla i sochaí an lae inniu.

 

DCU is proud of the fact that, again and again, employers confirm their preference for its graduates when searching for future high achievers. DCU is a major research institution, which has gained worldwide recognition for the work of many of its key researchers and research teams. Four of its major research centres and institutes have been awarded very significant capital funding by the state and by private investors to enable them to provide leadership at a global level. All of DCU’s academic schools undertake research which is at the cutting edge of knowledge. DCU is also committed to further development of its commercial activities, with a growing emphasis on technology transfer and the establishment of campus companies which exploit commercially the discoveries and skills of the campus community. This commercialisation is set in the context also of an active programme of social development, in which DCU plays an active role in social regeneration and the search for ethical values for modern society.

 

Fees: www.dcu.ie/fees/index.shtml

 

For more info, see: https://www.dcu.ie/courses/postgraduate/fiontar-scoil-na-gaeilge/msc-sa-bhainistiocht-agus-gno-digiteach

The MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach course at Dublin City University (DCU) is listed in Courses.ie's national courses finder.
Training ProviderDublin City University (DCU)
Course LocationGlasnevin, Dublin
Location PostcodeDublin 9
Awarding BodyDublin City University
Awarding Body DetailsMSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach
Entry RequirementsRequirements General Entry Requirements Riachtanas Iontrála Céim onóracha (H2.2) nó taithí ghairmiúil oiriúnach agus leibhéal sásúil i labhairt agus scríobh na Gaeilge. Glactar le cáilíochtaí agus le taithí ghairmiúil oiriúnach i gcúinsí áirithe in ionad bunchéime, faoi réir ag rialacha na hOllscoile. Ní gá réamhcháilíochtaí ríomhaireachta ná gnó. MSc Pairtaimseartha DC627: Dhá bhliain Entry Requirements Honours degree (H2.2) or equivalent professional experience and a satisfactory level of fluency in Irish. In some circumstances appropriate professional experience and qualifications are accepted in lieu of a primary degree, subject to University regulations. Previous qualifications in business or computing are not required. MSc Part-time DC627: Two Years International Applications International candidates are expected to have educational qualifications of a standard equivalent to those outlined above. In addition, where such candidates are non-native speakers of the English language they must satisfy the university of their competency in the English language. For further information on international applications click here. Fees Full time EU Status Fee N/A Non EU Fee N/A Part time EU Status Fee Part-time €3,600 Per Annum Non EU Fee Part time €7,400 Per Annum
Carear PathTá céimithe an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach ag obair le Irish Mortgage Corporation, Google, Oracle, Make a Wish Foundation, Citi, RTÉ, Foras na Gaeilge, An Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gael Linn, Gaelchultúr, Údarás Craolacháin na hÉireann agus i bpostanna bainistíochta i scoileanna. There is a high demand for graduates of this programme. Graduates of the MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach work with the Irish Mortgage Corporation, Google, Oracle, Make a Wish Foundation, Citi, RTÉ, Foras na Gaeilge, Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gael Linn, Gaelchultúr, Údarás Craolacháin na hÉireann and managerial posts in schools. Career Tags Advertising Banking Business Business Analyst Consultancy Digital Account Executive Education Education Leadership Information Technology Research
Phone+353 (0) 1 700 6057
Course CodeDC627
For more information about Dublin City University (DCU), please visit our College page on Courses.ie by clicking here.

Make Enquiry

Please insert your contact details and any additional information you require and we will forward your request to Dublin City University (DCU)
Captcha code        I confirm I have read the Cookie Information, Terms and Conditions and Privacy Policy and I agree to join the Courses.ie community.
 

Map

Dublin City University (DCU)
Glasnevin
Dublin 9, Glasnevin, Dublin
Ireland
Visit Website